Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Baineann an cheist seo le Foras na Gaeilge. Tá an fhoras tar éis an tríú tuarascáil athbhreithnithe a thosú laistigh de ceithre bliana. Cuireann sé sin leis an ualach atá ar na ceanneagraíochtaí Gaeilge ar ndéanann an fhoras maoiniú orthu. An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit an fáth le seo? Ar cuireadh ar an eolas é mar gheall ar an tuarascáil athbhreithnithe anseo agus cad é a thuairim ar an gceist seo? Jack Chambers (FF), Dublin West Tá iarrachtaí leanúnacha déanta ag Foras na Gaeilge teacht ar sholáthróirí leis an obair seo a dhéanamh, agus cé go raibh suas le €200,000 féideartha ar fáil anuraidh leis an obair a chur i gcrích, níor léiríodh aon spéis ann. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois ag an bhforas an obair a bhriseadh síos ar bhealach difriúil agus í a chur i gcrích céim ar chéim. Is iarratas ar thairiscintí iomaíocha chuige sin atá fógartha ar eTenders faoi láthair. Tá uasmhéid de €50,000 luaite leis an gconradh seo, ach ní féidir a rá go cinnte go dtí go mbeidh sé socruithe in áit cé mhéad a chaithfear ina leith. É sin ráite, déanfar measúnú ar na hiarratais a fhaightear chun a chinntiú go bhfaighidh an foras luach ar airgead ar an gcaiteachas atá beartaithe. Is cur chuige céimnitheach atá le glacadh leis na codanna éagsúla seo a chur i gcrích agus is chuige sin atá iarratas ar thairiscintí ar an gcéad chuid seo fógartha ar eTenders anois. Níl aon cheist ann ach go bhfuil dúshlán áirithe ag baint le tairiscintí a mhealladh le tabhairt faoi shaincomhairleoireacht in earnáil na Gaeilge. Is ar an ábhar sin atá an togra áirithe seo briste síos ag Foras na Gaeilge ina chéimeanna níos soláimhseáilte. Bhí an taithí chéanna ag mo Roinn le tamall anuas agus tá sé beartaithe ag m'oifigigh an cheist a ardú leis an Oifig um Sholáthar Rialtais féachaint an féidir réiteach na faidhbe a aimsiú. Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Léiríonn an freagra sin an fhadhb atá ann agus níl a fhios agam conas teacht timpeall uirthi. Muna féidir teacht orthu siúd atá cáilithe chun breithniú a dhéanamh, is fiú an t-airgead sin - ní suim bheag é €50,000 - a chaitheamh ar na ceanneagraíochtaí atá iniúchadh nó athbhreithniú á lorg acu. Tuigim go bhfuil gá le Foras na Gaeilge agus an státchóras athbhreithniú a dhéanamh i gcónaí ar chaiteachas poiblí atá á dtabhairt d’eagrais. Muna féidir teacht ar na scileanna sin lasmuigh, caithfidh go bhfuil siad laistigh den Roinn Airgeadais nó áit éigin eile ionas gur féidir an státchóras féachaint ar conas is féidir é seo a dhéanamh. Ní díreach ó thaobh na Gaeilge de a bhíonn moill ar athbhreithniú agus cuireann sé sin rudaí as riocht go minic. Jack Chambers (FF), Dublin West Tá iarrachtaí déanta ag Foras na Gaeilge teacht ar chomhlacht nó ar chomhairleoir leis an obair seo a dhéanamh. An bhliain seo caite, bhí €200,000 luaite leis an obair. Fós, níor éirigh leis an bhforas aon dream chun spéis a léiriú ann. Ní dhearnadh aon dul chun cinn dá réir. Tá an foras ag féachaint ar an obair a bhriseadh síos agus a dhéanamh ina píosaí. Tá iarratas ar eTenders ann faoi láthair. Cé go bhfuil suim airgid €50,000 luaite leis an obair, ní féidir leis an bhforas dearbhú a thabhairt ar an méid a gcosnóidh an obair. Mar a luaigh an Teachta, tá dúshlán ag baint le tairiscintí a mhealladh le tabhairt faoi shainchomhairleoireacht in earnáil na Gaeilge. Is mar thoradh ar an dúshlán sin atá an togra áirithe seo briste síos ina chéimeanna chun go mbeidh an obair soláimhseáilte. Maidir leis an iarratas ar eTenders, déanfar measúnú ar na hiarratais a fhaightear. Beidh luach ar airgead ar cheann de na critéir mheasúnaithe. Is cur chuige céimnitheach atá le glacadh leis na codanna éagsúla seo a chur i gcrích. Tá an t-iarratas ar thairiscintí ar an gcéad chéim den obair fógartha ar eTenders faoi láthair. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17