Official Languages (Amendment) Bill 2019: Motions Seanad Éireann — 2021-12-17 ============================================================ Joe O'Reilly (CC), Labour Panel Scaipeadh an liosta de na leasuithe a rinne an Seanad agus a bhreithnigh an Dáil ar na Comhaltaí mar eolas dóibh. Bhreithnigh an Dáil na leasuithe sin agus ghlac sí leo agus, chomh maith leis sin, rinne sí leasuithe breise de dhroim an Dáil d’aontú le leasuithe Uimh. 6 agus 7 ón Seanad. Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim: Go n-aontódh an Seanad le leasú Uimh. 1 de dhroim an Dáil d’aontú le leasuithe Uimh. 6 agus 7 ón Seanad. Jack Chambers (FF), Dublin West Táim an-sásta a bheith ar ais sa Seanad arís chun dá leasú iarmhartacha ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 a chur faoi bhráid an Tí tráthnóna. Pléifidh mé leasuithe iarmhartacha Uimh. 1 agus 2 le chéile toisc gur ar an ábhar céanna iad. Is leasuithe riaracháin atá i gceist sa chás seo. Leis na leasuithe seo, níltear ach ag iarraidh botúin chló sa Bhille mar atá a cheartú. De réir na leasuithe seo a bheith aontaithe ag an Teach, táim ag súil go mbeidh an Bille achtaithe agus sínithe ag Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo chugainn. Molaim na leasuithe don Teach. Seán Kyne (FG), Cultural and Educational Panel Tairgim: Go n-aontódh an Seanad le leasú Uimh. 2 a rinne an Dáil de dhroim an Dáil d’aontú le leasuithe Uimh. 6 agus 7 ón Seanad. Joe O'Reilly (CC), Labour Panel Cuirfidh an Cléireach teachtaireacht go dtí Cléireach na Dála ag deimhniú chinneadh an tSeanaid. Bhí gach duine an-chabhrach ina gcomhoibriú. Níl baint aige sin leis na saoirí. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2021-12-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:49:59+00:00 Sitting date: 2021-12-17