Rural Schemes Dail Éireann — 2022-05-18 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta Ossian Smyth, as an cheist seo a thógáil. Táimid ag iarraidh ceist LEADER ar na hoileáin a ardú leis. Bhíodh sé á thaifeadadh i ngrúpaí do na hoileáin ar fad ach athraíodh é seo roinnt blianta ó shin nuair a socraíodh é a dháileadh ag aon ghrúpa amháin in aghaidh an chontae. Is í an fhadhb atá againn ná nach bhfuil na hoileáin aitheanta mar áit faoi leith ach go bhfuil siad clúdaithe i bpleananna contae. Is minic a bhíonn na hoileáin i gcoimhlint le pobail na mórthíre agus tá deacrachtaí mar gheall air sin. Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil athbhreithniú ar siúl faoi láthair agus is é sin an fáth go bhfuilimid ag ardú na ceiste seo faoi láthair agus tuigim go raibh grúpaí i dteagmháil leis an Aire sinsearach mar gheall air seo. Impím ar an Aire Stáit an cheist seo a chur san áireamh ag an bpointe seo. Déanfaidh mé cur síos ar na fadhbanna mar gheall air seo. Is é ceann de na fadhbanna is mó ná an cistiú meaitseála 50% atá ag teastáil i gcomhair na ndeontas fiontraíochta. Tuigim gur 75% atá ann faoi láthair ach de ghnáth is 50% atá i gceist leis. Tá a fhios againn go bhfuil níos lú deiseanna oibre ar na hoileáin agus gur beag fostaíochta lánaimseartha atá i gceist mar gheall go bhfuil go leor fostaíochta séasúraí i gceist ann. Chomh maith leis sin, tá go leor den fhostaíocht ag brath ar chúrsaí turasóireachta, rud nach raibh mórán de ann i rith 2020. Is rud eile a bhféadfaí a chur san áireamh ná go bhfuil sé i bhfad níos deacra an t-airgead a fháil ar iasacht chomh maith. Ní hamháin go gcaithfí an t-airgead a bheith á mheaitseáil ach, chomh maith leis sin caithfear a chinntiú go bhfuil an t-airgead ann roimh réidh agus ansin faightear an t-airgead ar ais. Tá deacrachtaí ar leith mar gheall air sin sna hoileáin. Aithnítear na deacrachtaí seo nuair a bhreathnaítear ar dheontais an Sustainable Energy Authority of Ireland, SEAI, áit a thugtar níos mó airgid do mhuintir na n-oileán. De bharr go n-aithníonn an Rialtas é seo, impím ar an Aire Stáit anseo agus ar an Rialtas breathnú air seo agus déileáil leis nuair atá athbhreithniú ag tarlú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:28+00:00 Sitting date: 2022-05-18