Rural Schemes Dail Éireann — 2022-05-18 ============================================================ Ossian Smyth (GP), Dún Laoghaire Gabhaim buíochas leis na Teachtaí Ní Fhearghail, Ní Chearáin agus Ó Dochartaigh as an gceist thábhachtach seo a chur chugam. An bhliain seo caite, bhí clár LEADER ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód in Éirinn. Bhí tionchar ollmhór ag an gclár seo ar fhorbairt tuaithe in Éirinn, ina measc na hoileáin amach ó chósta na hÉireann. Tá clár LEADER ar cheann de na hidirghabhálacha faoi Bheartas Forbartha Tuaithe 2021-2025 - Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann, an beartas Rialtais um fhorbairt tuaithe, a foilsíodh an bhliain seo caite. Is iad na grúpaí áitiúla gníomhaíochta - local action groups, nó LAGanna - a bhíonn ag reáchtáil an clár LEADER in Éirinn. Déanann na grúpaí seo measúnú ar iarratais LEADER i gcomhair cistithe ina gceantair foréigiúnacha féin. Faoin scéim mar atá sí anois, tá Comhar na nOiIeán ina chomhpháirtí chomhfheidhmithe le ciste faoi chlár LEADER a chur ar fáil do na hoileáin do na LAGanna i nDún na nGall, Maigh Eo agus iarthar Chorcaí; agus is é Fóram Chonamara CLG an LAG do na hoileáin amach ó chósta na Gaillimhe. The Minister, Deputy Humphreys, has announced an indicative budget of €180 million for the LEADER programme for the period 2023 to 2027. Taken together with the €70 million already provided for 2021 and 2022 under the transitional LEADER programme, a total of €250 million will be made available for the 2021 to 2027 period, thus maintaining the level of funding provided for the 2014 to 2020 programming period. The maintenance of the €250 million funding allocation will underpin the continued contribution of the LEADER approach in delivering on the Government’s vision for rural Ireland. Tá socruithe á ndéanamh faoi láthair maidir le plean agus seachadadh clár LEADER 2023 go dtí 2027 agus tá plé leanúnach ar siúl idir oifigigh na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus páirtithe leasmhara i dtaca leis seo. Cuirfear cinneadh a bhaineann le ceantair faoi chúram na LAGanna san áireamh mar chuid den fheidhmchlár deartha leanúnaigh. Tá sé beartaithe go mbeidh an straitéis forbartha áitiúla, an próiseas roghnúcháin LAG, thar dá chéim. Ní féidir tús a chur le roghnú na LAGanna go dtí do bhfuil an plean straitéiseach an Common Agricultural Policy, CAP, faofa ag an gCoimisiún Eorpach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:28+00:00 Sitting date: 2022-05-18