Rural Schemes Dail Éireann — 2022-05-18 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit maidir leis an gceist a fhreagairt. Dhíreoinn ar rud eile atá ag cur as dó seo agus ar na deacrachtaí faoi leith atá ag na hoileáin, is iad sin na costais riaracháin freisin. Má táimid ag iarraidh go n-úsáideann daoine LEADER agus gur féidir le daoine cur isteach air, teastaíonn an t-eolas freisin ón bpobal áitiúil. Mar a bhfuil a fhios againn ar fad, tá costas faoi leith i gceist chun dul amach go dtí na hoileáin. De bharr go bhfuil an costas nó an méid airgid riaracháin a fhaigheann iad siúd a théann amach chuig na hoileáin mar an gcéanna leo siúd a théann chuig ceantar tuaithe nach oileáin iad, níl na deiseanna céanna acu an t-eolas sin a scaipeadh. Is fadhb agus deacracht eile í sin. Tuigim ag an bpointe nach féidir leis an Aire Stáit a rá go cinnte gur féidir é seo a dhéanamh ach molaim dó smaoineamh air seo ar fad agus an cinneadh á dhéanamh aige. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-05-18/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:28+00:00 Sitting date: 2022-05-18