Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2022-05-25 ============================================================ Marc Ó Cathasaigh (GP), Waterford Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire maidir leis an mBille um Athchóiriú Toghcháin, 2022, atá ag dul tríd an Oireachtas faoi láthair. Luaigh mé laigí sa Bhille sin nuair a labhair mé faoi ar an Dara Céim, sé sin, nach bhfuil sé láidir go leor, mar a sheasann sé, maidir leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht. An bhfuil an tAire tar éis labhairt le daoine san earnáil Ghaeilge faoi na laigí sa Bhille? An bhfuil sé ar intinn aige leasuithe a thabhairt isteach ar Chéim an Choiste chun an ghné seo den Bhille a neartú? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-05-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:30+00:00 Sitting date: 2022-05-25