Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2022-05-25 ============================================================ Darragh O'Brien (FF), Dublin Fingal Bhíomar ag caint faoi na rudaí seo cheana. Bhuail mé le Conradh na Gaeilge sa Spidéal coicís ó shin agus phléamar na leasuithe a bheidh mé ag cur isteach sa Bhille. Táim ag obair air sin anois. Tá súil agam go mbeidh mé in ann leasuithe tábhachtacha a chur isteach sa Bhille, go mór mór ó thaobh teideal an Bhille. Ba mhaith liom an coimisiún um thoghcháin a thabhairt ar an gcoimisiún nua. Tá leasuithe eile ann agus táim ag obair orthu sin. Táim cinnte go mbeidh mé ábalta an chuid is mó de na leasuithe a dhéanamh ar Chéim an Choiste. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-05-25/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:30+00:00 Sitting date: 2022-05-25