Nomination of Taoiseach Dail Éireann — 2020-02-20 ============================================================ Catherine Martin (GP), Dublin Rathdown Déanaim comhghairdeas leis an gCeann Comhairle agus guím gach rath air sa chúram tábhachtach a bheidh air sa Dáil seo. Tacaím le hainmniú an Teachta Eamon Ryan mar an chéad Taoiseach ón gComhaontú Glas. Is léir dúinn uile gur tharla athrú mór stairiúil sa toghchán coicís ó shin. Tá an Teachta Eamon Ryan á ainmniú againn mar Thaoiseach toisc go n-aithníonn muid an sainordú atá faighte ag an gComhaontas Glas ón bpobal chun tacú le gníomhú ar son na haeráide i nDáil Éireann. Bhí dhá rabharta ghlas ann le déanaí, agus is léir gur mó a thuigeann an pobal anois gur baol dúinn an t-athrú aeráide. Éilíonn daoine óga orainn go háirithe saol slán amach anseo a chinntiú dóibh go náisiúnta agus go domhanda. Caithfear aithint go bhfuil éigeandáil aeráide ann, chomh maith le héigeandáil tithíochta agus éigeandáil sa chóras sláinte. Fógraíodh géarchéim aeráide sa Teach seo roinnt míonna ó shin, ach caithfear beart a dhéanamh de réir briathair anois. Ar an gcaoi chéanna, caithfear aird a dhíriú ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht chomh maith. Theastaigh uaim é sin a dhéanamh inniu tríd an óráid seo a thabhairt i nGaeilge, chun beart a dhéanamh de réir briathair. Tacóidh an Comhaontas Glas go mór le neartú Acht na dTeangacha Oifigiúla le linn an téarma Dála seo. Déanfaimid an gníomhú ar son na haeráide a luaigh mé chun an t-athrú ó bhun a bhfuil géarghá leis a bhaint amach, ionas go mbeidh an tír seo chun tosaigh seachas í a bheith ag titim ar chúl sa chúram sin, agus mar fhreagra ar na mílte duine a thug na sráideanna orthu féin chun an gníomhú sin a éilimh. Chuala muid iad, agus táimid ag seasamh leo. De réir sin, is cúis áthais dom an Teachta Eamon Ryan a ainmniú mar Thaoiseach. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-02-20/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:47:27+00:00 Sitting date: 2020-02-20