An Teanga Gaeilge Dail Éireann — 2022-06-01 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Gabhaim buíochas leis an gCeann Comhairle. Táim ag fiosrú mar gheall ar an tslí a bhfuil an scéim teanga ag feidhmiú ina Roinn féin. Mar a luamar, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) nua le teacht i bhfeidhm sa tréimhse amach romhainn. Tá spriocanna dúshlánacha ann maidir le 20% den earcaíocht nua agus tá go leor nithe eile ag baint leis. Cad iad na hullmhúcháin atá á ndéanamh chuige sin? Glacaim go bhfuil an scéim reatha chun leanúint go dtí go mbeidh an córas nua i bhfeidhm. Roimhe sin, shamhlófá go mbeadh ullmhúcháin ann chuige. An bhfuil aon treoir ann maidir leis na hullmhúcháin sin a bheith á gcur i bhfeidhm? Ag an am céanna, tá an t-aonad shared island mar chuid de Roinn an Taoisigh agus tá Bille nua ag teacht chun cinn ó Thuaidh. Tá an-chuid oibre déanta ag go leor eagraíochtaí, ar nós An Dream Dearg, Conradh na Gaeilge agus go leor eile, chun é sin a thabhairt ar aghaidh. Tá cearta teanga an-tábhachtach. An mbeidh plé mar gheall air seo ann mar chuid d'obair an shared island unit? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-01/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:32+00:00 Sitting date: 2022-06-01