Reachtaíocht Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire cén fáth go bhfuil moill le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, a ritheadh sa Teach seo roimh Nollaig anuraidh agus a sínigh an tUachtarán ar an 21 Nollaig 2021. Dúradh linn ag an am go mbeadh feidhm iomlán leis an reachtaíocht seo agus is léir nach bhfuil. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21