Reachtaíocht Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Thuig mé i gcónaí nach thar oíche a tharlódh seo ná an plean náisiúnta. Rinneamar dul chun cinn mór nuair a rinneamar an reachtaíocht a aontú anseo agus nuair a rinne an tUachtarán é a shíniú. Dúirt an tAire Stáit ansin go mbeidh an coiste comhairleach ann go gairid. Is trua an moill seo. Mar is cuimhin leis an Aire Stáit, sa díospóireacht dúirt muidne trí mhí agus dúirt sé féin sé mhí ach go mbeadh an coiste ann roimh dheireadh na tréimhse sin. Ar a laghad, beidh sé le fógairt i gceann seachtaine. Dúirt sé freisin gur scríobh sé chuig na comhlachtaí Stáit agus a chomhghleacaithe, na hAirí eile. Tá dul chun cinn á dhéanamh ansin. Tá mé tar éis a bheith ag díospóireacht leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta mar gheall ar an reachtaíocht ardoideachais agus leis an Aire Stáit, an Teachta Noonan, faoi reachtaíocht a bhaineann leis an gcoimisiún toghcháin. Ghlac siadsan le roinnt den bhunús atá in Acht na dTeangacha Oifigiúla ach níl an tAire Dlí agus Cirt ag glacadh leis an méid atá sa reachtaíocht sin. Iarraim ar an Aire Stáit a rá léi, sula dtagann sí os comhair na Dála lena reachtaíocht féin ar Chéim na Tuarascála, go gcaithfidh sí cloí leis an Acht. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21