Reachtaíocht Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Aontaím leis an méid atá an tAire Stáit ag rá. Caithfimid cinntiú nach dtarlóidh aon mhoilleadóireacht agus nach gcaillfidh muid mí i ndiaidh míosa toisc cruinnithe coiste nó a leithéid. Tá dúshlán mór roimh an Stát. Má tá moilleadóireacht ann ag an staid seo, beidh muid mall ag comhlíonadh na ndúshlán móra atá roimh an státchóras ina iomláine ó thaobh earcaíochta de agus ó thaobh gach rud eile agus na seirbhísí a bheith ar fáil. Ceist a bhaineann leis seo ná ceist na gcaighdeán. Le linn na díospóireachta, bhí muid ag lorg go mbeadh na caighdeáin, nó dréacht-chaighdeáin ar a laghad, leagtha amach. Cén uair a shíleann an tAire Stáit go mbeidh siad leagtha amach, ionas go mbeidh a fhios againn ar fad cén tslat tomhais a bheidh á úsáid ag na comhlachtaí Stáit nó na Ranna Stáit maidir leis na seirbhísí a bheidh siad ag cur ar fáil dúinn ar fad trí Ghaeilge amach anseo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21