Reachtaíocht Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt mé, beifear ag leanúint le feidhm a thabhairt d’ailt agus forálacha eile an Achta ar bhonn céimiúil agus an fhoráil a bhaineann leis na caighdeáin teanga san áireamh. Beidh an coiste comhairleach ann an tseachtain seo, beidh cruinnithe ann, agus beimid ag obair ar an taighde maidir leis an bplean náisiúnta ina dhiaidh sin. Beimid in ann na céimeanna eile a chur i bhfeidhm freisin agus tríd an bhliain seo beimid ag déanamh go leor oibre ar an ábhar seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21