Limistéir Pleanála Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil práinn le beartais agus treoirlínte ó thaobh cúrsaí tithíochta agus cúrsaí pleanála. Tá cathaoirleach an choiste Gaeilge anseo. Tá an coiste sin ar tí tuarascáil a fhoilsiú maidir leis na pleananna. Bhí sé soiléir ó na heagraíochtaí a tháinig os ár gcomhair, na rialtais áitiúla ina measc, nach bhfuil beartais á dhéanamh. Ar a laghad, tá easpa tuisceana ag na húdaráis áitiúla ó thaobh cad atá i gceist le plean forbartha. Tá sé leagtha amach go sonrach i dtuarascáil bhliantúil an Coimisinéir Teanga go bhfuil fadhbanna i gCiarraí agus i gContae na Mí. Cheap sé gur díol suntais é go raibh gasra oibre bunaithe. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a fhreagra ach cuireann sé iontas orm. Tá dhá rud i gceist. Tá grúpa oibre ann. Cuireadh tús leis an ngrúpa sin i mí na Bealtaine na bliana seo caite ach ní raibh ann ach cruinniú amháin. Chomh maith leis sin, tá an grúpa idir-rannach ann agus bhí níos mó cruinnithe ag an ngrúpa sin. Cad é an ceangal idir an dá rud - an grúpa oibre, nach raibh aige ach cruinniú amháin agus an córas eile atá ar siúl? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21