Limistéir Pleanála Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt an Teachta, tá an cheist seo an-tábhachtach don Ghaeltacht agus chun treoirlínte nua a chruthú. Beidh treoirlínte nua ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus beidh sé freagrach as an gceist seo. Tá siad ag déanamh go leor oibre. Tá oifigigh mo Roinne i dteagmháil leis na hoifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an t-am ar fad chun an cheist seo a phlé. Tháinig na Ranna le chéile sé huaire ó mhí Feabhra 2021. Tá polasaí pleanála don Ghaeltacht á hullmhú ag an ngrúpa a chuirfidh béim ar an bpróiseas chun iarratas pleanála a dhéanamh sa Ghaeltacht. Tá sé i gceist go bhfeidhmeoidh sé seo mar struchtúr agus treoir d’údaráis áitiúla agus iad ag bainistiú iarratais sa Ghaeltacht. Tá sé mar sprioc ginearálta ag an ngrúpa idir-rannach go mbeidh córas aontaithe i bhfeidhm a chinnteoidh cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach chun stádas na Gaeilge a chinntiú sa chóras pleanála. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21