Limistéir Pleanála Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Catherine Connolly (IND), Galway West Tá a fhios ag an Aire Stáit nach bhfuil an córas ag feidhmiú do dhaoine atá ag lorg cur fúthu sna Gaeltachtaí. Tá géarchéim ann. I gCeantar na nOileán, mar shampla, an rud is iontaí ná an méid tithíochta atá folamh agus tréigthe. Chomh maith leis sin, níl daoine in ann cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht. An rud atá ag teastáil go géar ná treoirlínte, polasaithe agus beartais. Cheap mé, mar bhall den choiste, go raibh sé sin ag tarlú ar bhonn práinneach, ach tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil. Níor tháinig an grúpa oibre sin le chéile ach uair amháin. Tá breis agus bliain caite agus níor tháinig siad le chéile ach uair amháin. An bhfuil cinneadh déanta le fáil réidh leis an ngrúpa oibre anois? An bhfuiltear ag díriú isteach ar an gcoiste idir-rannach? Cad atá ag tarlú? An bhfuil dáta ar leith ann go mbeidh beartais agus treoirlínte le feiceáil againn? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21