Limistéir Pleanála Teanga Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Aontaím leis an Teachta. Bím i dteagmháil le go leor daoine sa Ghaeltacht, ina Dáilcheantar féin agus ar na hoileáin. Níl an córas ag obair ag an am seo. Sin an fáth go bhfuil struchtúr ann, idir mo Roinn féin agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le chéile. Mar pháirt den struchtúr sin, bhí sé chruinniú idir na Ranna. Bíonn m’oifigigh i dteagmháil leis na hoifigigh sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an t-am ar fad. Aontaím go bhfuil an cheist seo an-phráinneach. Tá sé tábhachtach go bhfuil na treoirlínte ceart agus go mbeidh réiteach ann chun na fadhbanna a fheabhsú maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Beidh dáta ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus tá mo Roinn féin i measc an phróisis seo chun réiteach a chruthú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21