Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Is í an cheist a cuireadh i ndáiríre ná cén uair a bheidh sé seo ar fad déanta. Tuigim na deacrachtaí a bhí ag an Roinn maidir leis an athbhreithniú ach is dócha go bhfuil go leor daoine amuigh ansin a cheapann go bhfuil a fhios acu céard ba chóir go mbeadh ag teacht amach as an athbhreithniú sin agus a chreideann go dteastaíonn toghchán le haghaidh bhord Údarás na Gaeltachta. Tá cúpla ceist agam i gcomhair an Aire Stáit. Tuigim go bhfuil sé ag rá go bhfuil píosa oibre le déanamh maidir le téarmaí sainchomhairleachta a cheapadh. Cén uair a bheidh sé sin déanta mar ní raibh sé sin soiléir dom? Is í an cheist eile ná cé chomh fada is a thógfaidh an t-athbhreithniú tar éis gur ceapadh iad sin. Má táimid ag caint ar thoghchán bhord Údarás na Gaeltachta, caithfimid é sin agus aon athbhreithniú a dteastaíonn uainn a dhéanamh láithreach. Más rud é go mbeidh toghcháin ann, is dócha go gcaithfear iad a bheith ann chomh luath agus gur féidir. Teastaíonn soiléireacht ó mhuintir na Gaeltachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21