Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ba mhaith liom a rá i dtús báire go raibh próiseas comhairliúcháin phoiblí ann freisin. Tá na freagraí sin ag mo Roinn cheana féin agus tá m’oifigigh ann ag obair ar an gceist seo. Bhí go leor daoine i dteagmháil leis an Roinn chun an cheist seo a phlé agus tá an obair seo déanta. Bhí go leor fadhbanna againn leis an Oifig um Sholáthar Rialtais chun tús a chur leis an bpróiseas seo. Tá an próiseas seo á dhéanamh i mo Roinn féin agus tá súil agam go mbeimid in ann é a thosú chomh luath agus is féidir. Bhíomar ag dul tríd an bpróiseas atá ann leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freisin. Tá súil agam go mbeimid in ann an próiseas a thosú. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe. Beidh an Roinn ag obair ar an athbhreithniú seo le linn an tsamhraidh agus tá súil agam go mbeidh sé críochnaithe ag druidim le Meán Fómhair nó roimh an geimhreadh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21