Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Mairéad Farrell (SF), Galway West Tá sé sin go hiontach. Ní raibh sé iomlán soiléir sa chéad fhreagra a thug sé. Tá sé sin go maith. Sílim go mbeidh muintir na Gaeltachta sásta a chloisteáil go bhfuil amlíne de chineál éigin ann. Tá ceist amháin agam ionas go dtuigfidh mé i gceart é. Dúirt an tAire Stáit sa chéad fhreagra a thug sé go raibh fadhb ann sainchomhairleoireacht a cheapadh. Tá an próiseas inmheánach nó an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe agus tá an Roinn ag oibriú ar seo anois. Caithfear athbhreithniú a dhéanamh ina dhiaidh sin. Beidh an obair sin á déanamh i rith an tsamhraidh. Céard go díreach atá ag teastáil anois? An bhfuil aon cheapachán eile ag teastáil nó an é sin an próiseas atá le déanamh sa Roinn go dtí go mbeidh tuairisc á chur amach? Mar is eol don Aire, tá súil agam go mbeidh toghchán ann ina dhiaidh sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21