Údarás na Gaeltachta Dail Éireann — 2022-06-21 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá mo Roinn i mbun próisis féinsholáthair faoi láthair chun sainchomhairleoireacht a ceapadh don tasc. Táthar ag súil go gceapfar sainchomhairleoireacht don chúram seo gan mórán moille. Tá an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe ag an Roinn. Nuair a bhíomar ag dul tríd an bpróiseas eile, bhí an próiseas comhairliúcháin phoiblí críochnaithe agus an athbhreithniú a dhéanamh freisin. Beidh an t-athbhreithniú á dhéanamh ag lucht an saincomhairleoireachta. Tá súil agam go mbeimid in ann é a dhéanamh le linn an tsamhraidh agus go mbeidh sé críochnaithe roimh an gheimhreadh. Tá trí nó ceithre mhí againn chun é a dhéanamh agus beimid in ann an athbhreithniú a fhoilsiú ina dhiaidh sin. Beidh an tAire, an Teachta Martin, agus mé féin in ann an struchtúr nua a phlé i ndiaidh na hathbhreithnithe. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-06-21/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:39+00:00 Sitting date: 2022-06-21