Back to School Costs: Motion [Private Members] Dail Éireann — 2022-07-05 ============================================================ Donnchadh Ó Laoghaire (SF), Cork South-Central Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach Teachta a ghlac páirt sa díospóireacht seo agus le gach duine a thacaigh leis an rún seo. Is ábhar fíorthábhachtach é seo agus tuigimid go léir go mbeidh go leor tuismitheoirí agus teaghlaigh faoi bhrú millteanach sna seachtainí beaga amach anseo. Beidh an-imní orthu nuair a gheobhaidh siad na litreacha ag iarraidh fordheontas, na liostaí leabhair, liostaí na gcultacha scoile, agus na táillí eile a bhaineann leo sin. Níl aon dabht ach gur géarchéim í seo gach bliain ach go háirithe an bhliain seo, leis an ngéarchéim costas maireachtála ag éirí níos measa agus gan puinn gnímh ó thaobh cíosa agus le costais chúraim leanaí ag fás i gcónaí. Tá na costais ó thaobh bia, breosla agus leictreachais ag fás an t-am ar fad. Sa chomhthéacs sin, tá an-imní orainn go mbeidh an ghéarchéim ó thaobh costas fillte ar scoil níos measa ná riamh. I thank all the Deputies who took part in the debate and who supported the motion. I urge the Government to also support it because it contains the potential to build on what the Government has brought forward. I very much concur with what Deputy Barry said. This Government would have shut up shop and gone to the recess without any proposals to assist with back-to-school costs, but for the fact pressure was coming from the Sinn Féin motions and proposals----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-07-05/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:50:56+00:00 Sitting date: 2022-07-05