Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach Gníomhach. Tá an chéad cheist seo dírithe ar na dúshláin atá ag coláistí samhraidh agus go háirithe ar an tuarascáil Taighde ar Dhúshláin na gColáistí Samhraidh i gCorca Dhuibhne. Ar léigh an tAire Stáit an taighde seo agus cad iad na gníomhartha a dhéanfaidh sé chun a dhéanamh cinnte de go mbeidh lóistín ar fáil dóibh siúd atá ina mic léinn sna coláistí samhraidh amach anseo? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29