Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá tuarascáil cuibheasach cuimsitheach curtha le chéile ag an Ollamh Pádraig Ó Duibhir ó DCU. Bhí moltaí sách dearfach aige, deich gcinn san iomlán, agus tá roinnt eile fite fuaite leis má léitear an tuarascáil ina iomlán. Bhí ceann de na príomhchinn faoi mhaoiniú. Luaigh an tAire Stáit ansin gur ardaigh sé an maoiniú i mbliana. Is ardú ó €10 go dtí €11 an dalta atá i gceist. Bhíodh an maoiniú ag €10.50 roimh 2010 nuair a rinneadh gearradh siar air. Nílimid ag dul suas ach 50 cent mar sin. Luaigh an tOllamh Ó Duibhir, agus luaigh na coláistí samhraidh nuair a bhí siad os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge é seo freisin, gur chóir go mbeadh sé €12.50 ar a laghad, is é sin ag cur an ráta boilscithe idir 2010 agus anuraidh san áireamh, mar níl an ráta boilscithe sin curtha san áireamh. Ba chóir go mbeadh an maoiniú mar sin ag €12.50. Cad iad na céimeanna atá i gceist ag an Aire Stáit a ghlacadh le go mbeidh an maoiniú sin á thabhairt suas go dtí an ráta sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29