Coláistí Samhraidh Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá sé go maith go bhfuil céim glactha agus go bhfuil an tAire Stáit ag rá go mbeidh céimeanna eile ann. Tá súil agam go mbeidh an tAire Stáit in ann plean cúig bliaina nó fiú amháin deich mbliana a chur ar siúl le go dtuigeann iad siúd atá ina mná tí faoi láthair, agus na brúnna san áireamh, cad atá in ann dóibh, agus dóibh siúd freisin atá ag teacht isteach san earnáil. Is earnáil rí-thábhachtach é seo ó thaobh gheilleagar na nGaeltachtaí, go háirithe. Is gá dúinn níos mó a dhéanamh, ní hamháin chun cuidiú leo le linn na tréimhse samhraidh, ach ina dhiaidh sin freisin chun daoine eile a mhealladh. Chomh maith leis sin, tá athchóiriú agus a leithéid de dhíth agus caighdeáin nua toisc Covid-19 ag teastáil. Beidh ar mhná tí, ar bhrúnna agus a leithéid, infheistiú a dhéanamh chun athdheisiú nó deisiúcháin a dhéanamh ar fhoirgnimh. An bhfuil aon chiste ar leith ar fáil dóibh sin? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29