Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Áras Chrónáin a bhí an Teachta O'Sullivan ag caint faoi. Tá sé ag ceiliúradh 40 bliain an deireadh seachtaine seo. An cheist atá mise ag cur ná cén fáth nár tugadh maoiniú do chlár na leabhar Gaeilge ar ais go dtí an leibhéal ag a raibh sé. In 2010 bhí €1.8 milliún ann agus toisc ciorruithe, gearradh siar go dtí €1 milliún é. Tá sé tar éis fanacht ansin ó shin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29