Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus fáiltím roimh aon ardú in aon chur i gclár na leabhar Gaeilge. Tá obair mhór á déanamh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge mar gheall ar cheist na foilsitheoireachta, ceist na scríbhneoireachta agus dáileachán na leabhar. Beidh tuarascáil mhór ag teacht os a chomhair - agus os comhair na Dála tá súil againn – roimh dheireadh na bliana. Tá deich seisiún tar éis a bheith againn ag déileáil leis na húdair, leis na scríbhneoirí agus le Foras na Gaeilge chun díriú isteach ar cad iad na féidearthachtaí agus cad é an gá le hinfheistiú ceart a dhéanamh isteach i scríbhneoireacht, i léitheoireacht agus i litríocht na Gaeilge. Tá mise fós den tuairim nach bhfuilimid, má thógtar boilsciú san áireamh, tar éis an leibhéal a bhí ann in 2010 a shroicheadh arís agus caithfear é sin a shroicheadh sula dhéanfaimid breis infheistiú chun déanamh cinnte de go bhfuil an tairg atá ann, agus tairg an-mhaith é, á dhíol chomh forleathan agus is féidir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29