Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt mé, tá áthas orm gur éirigh liom maoiniú breise a fháil do chlár na leabhar Gaeilge don bhliain seo chugainn mar chuid de cháinaisnéis 2023, a fógraíodh Dé Máirt. Is é seo an chéad ardú ar bhuiséad an chláir le seacht mbliana anuas. Is aitheantas é sin ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Chuir mo Roinn maoiniú imfhálaithe ar fáil gach bliain do chlár na leabhar Gaeilge, faoina bhfeidhmítear na scéimeanna agus tionscadail seo a leanas: scéim na foilsitheoireachta, chun saothair d’ardchaighdeán a chur ar fáil don phobal agus do léitheoirí Gaeilge; scéim na dtionscadal litríochta, chun deiseanna léitheoireachta trí Ghaeilge a chothú agus a eascairt don phobal; scéim na gcoimisiún, le ciste chuimsitheach ar mhaithe le soláthar sásúil sna réimsí éagsúla léitheoireachta a chinntiú; an scéim meantóireachta, chun spreagadh agus deiseanna tacaíochta a thabhairt do scríbhneoirí i dtús a ré scríbhneoireachta; agus scríobh leabhar, scéim chun deiseanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta tri Ghaeilge a chothú do pháistí scoile. Is fiú a nótáil gur chuir mé maoiniú aon-uaire de luach €300,000 i dtreo chlár na leabhar Gaeilge don bhliain reatha 2022 ar mhaithe le maoiniú breise a sholáthar do scéim na foilsitheoireachta agus don scéim meantóireachta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29