Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta Dail Éireann — 2022-09-29 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar aitheantas ar na dúshláin sin, d'fhógair mé ardú ar bhuiséad bhonnlíne clár na leabhar Gaeilge don bhliain 2023, mar a dúirt mé. Is é seo an chéad ardú ar an mbuiséad le seacht mbliana anuas agus nuair a chuirtear é sin in éineacht leis an maoiniú aon-uaire de €300,000 a cheadaigh muid i mbliana, fágann sé go bhfuil os cionn €500,000 breise curtha ar fáil ag mo Roinn do chlár na leabhar Gaeilge. Tá mé dóchasach go mbeidh tuilleadh airgid aon-uaire ar fáil roimh dheireadh na bliana seo chun infheistíocht shuntasach a dhéanamh san earnáil. Leanfaimid ár gcainteanna le hoifigigh Fhoras na Gaeilge maidir leis an maoiniú breise aon-uaire, go háirithe i dtreo feabhais a chur ar an gcóras díolacháin agus dáileacháin le linn na bliana seo chugainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-09-29/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:06+00:00 Sitting date: 2022-09-29