Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2022-10-19 ============================================================ Aindrias Moynihan (FF), Cork North-West Tá sé an-tábhachtach go mbeadh an Garda ábalta teagmháil a dhéanamh le pobal na Gaelainne agus tá Coimisinéir an Gharda tar éis a rá go ndéanfadh an Garda feabhas ar chúrsaí. Bhí ceapacháin sáirsintí déanta ar fud na tíre roimh an samhradh agus tá panel ar fáil anois, ó thús na bliana, do sáirsintí a cheapadh, daoine le Gaelainn ina measc. Ach fós níl sergeant ceaptha i mBaile Bhuirne agus i gcomhair Ghaeltachta Mhúscraí, in ainneoin is go bhfuil daoine ar fáil. Tá an Garda tar éis a soiléiriú go bhfuil sé ag cur riachtanais eile os comhair phobail na Gaelainne. Is mithid do na gardaí bogadh ar aghaidh agus sáirsint nua a cheapadh. Cén fáth an moill leanúnach, go háirithe nuair atá daoine ar fáil? Cathain a dhéanfaidh an Garda de réir mar a deir Coimisinéir an Gharda go ndéanfaidh sé? Is é sin freastail ar phobal na Gaelainne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:11+00:00 Sitting date: 2022-10-19