Ceisteanna ar Pholasaí nó ar Reachtaíocht - Questions on Policy or Legislation Dail Éireann — 2022-10-19 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Gabhaim buíochas leis an Teachta as an ábhar tábhachtach seo a ardú. Is trua liom nach bhfuil an post seo líonta fós. Níl a fhios agam cén fáth ach déanfaidh mé é sin a fhiosrú leis an Aire, leis an Garda agus le Coimisinéir an Gharda cad é an fhadhb atá anseo. Go ginearálta táimid ag tabhairt níos mó áiseanna don Gharda, go háirithe an polasaí atá ag an nGarda ná daoine a bhfuil cumas na Gaeilge acu, go mbeidh siadsan in ann seirbhísí a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus cúnamh a thabhairt dóibh le seirbhísí sna stáisiúin laistigh de na Gaeltachtaí. Déanfaidh mé fiosrúcháin chun eolas cruinn a fháil maidir leis an bpost faoi leith atá luaite ag an Teachta i gcomhthéacs Bhaile Bhuirne. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:11+00:00 Sitting date: 2022-10-19