Consumer Rights Bill 2022: Committee Stage Seanad Éireann — 2022-10-19 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Tuigim agus aithním é sin. Is é an fáth go bhfuil mé ag iarraidh bualadh leis an Aire Stáit ná chun gur féidir linn, mar Bhaill den Oireachtas, tuiscint níos fearr a bheith againn agus mionscrúdú a dhéanamh, mar is é sin an ról atá againn. Is é sin ár jab. Cé go ndeir an tAire Stáit go bhfuil orainn a bheith cúramach, níl mórán contúirte i gceist leis seo, ach is é sin atá ráite agus aithním gurb é sin an chomhairle atá á fáil aige. Tá orainn a bheith rud beag spreagúil agus muiníneach faoi seo fosta agus gur cheart dúinn smaoineamh taobh amuigh den box agus dá bhfuil imithe roimhe. Is féidir linn rud éigin nua a dhéanamh, atá á dhéanamh ag tíortha agus stáit fud fad an domhain, a chuireann lena gcultúr agus lena n-eacnamaíocht. Táimid ag rá an rud céanna ar leibhéal amháin. Aithním an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Tá mé breá sásta go bhfuil an tAire Stáit ag dul bualadh linn agus go mbeidh an seal againn bualadh lena oifigigh ón Roinn chun é seo a phlé níos faide. Dar ndóigh, coinneoidh mé an ceart chun na leasuithe seo a athchur ag an gcéad Chéim eile ar mhaithe lena gcosaint agus ar mhaithe leis na hábhair seo a chosaint chomh maith. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2022-10-19/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:11+00:00 Sitting date: 2022-10-19