Consumer Rights Bill 2022: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2022-10-26 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel I second the amendment. Ní chuirfidh mé a lán ama amú agus muid ag plé na ceiste seo. Ar Chéim an Choiste, leag mé amach go soiléir ní hamháin luach an leasaithe seo ach luach na leasuithe ina n-iomláine atá curtha síos i m'ainmse agus in ainmneacha mo chomhghleacaithe ó Shinn Féin maidir le cur chun cinn na teanga agus an teanga a bheith i bhfad níos feiceálaí ar tháirgí agus ar chomharthaíocht sna Sé Chontae Fichead. Tá an leasú seo ag iarraidh é sin a bhaint amach. Ritheann sé go hiomlán le ciall. Ritheann sé go huile is go hiomlán le reachtaíocht agus dlí an Aontais Eorpaigh. Sílim gur ceart glacadh leis faoi dhualgas bunreachtúil an Rialtais agus, dár ndóigh, mar go bhfuil sé ciallmhar agus dearfach agus mar go bhfuil sé ag iarraidh an teanga a chur chun cinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2022-10-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:13+00:00 Sitting date: 2022-10-26