Consumer Rights Bill 2022: Report and Final Stages Seanad Éireann — 2022-10-26 ============================================================ Niall Ó Donnghaile (SF), Administrative Panel Aithním go bhfuil an tAire Stáit ar aon intinn le cuspóirí na leasuithe seo ach táimid san áit ina bhfuilimid agus na leasuithe os ár gcomhair. Tá freagrachtaí ar leith ag an Aire Stáit. Tá sé ag rá nach bhfuil sé á nglacadh agus tá sé i dteideal é sin a dhéanamh. Ní ghlacaim leis an argóint nach raibh pre-legislative scrutiny déanta air seo agus gur tháinig sé aniar aduaidh ar an Aire Stáit. D'iarr mise ar chruinniú idir an Dara Céim agus Céim an Choiste. D'iarr mé ar chruinniú eile idir Céim an Choiste agus an Chéim ar a bhfuilimid anois sa dóigh gur féidir linn cibé imní a bhí ar an Aire Stáit nó a oifigigh a phlé agus é seo a réiteach. Níor tharla na cruinnithe sin agus, le bheith ionraic faoi, níl an locht ormsa nár tharla siad. Aithním go bhfuil an tAire Stáit ag iarraidh na cuspóirí seo a bhaint amach. Tá súil agam gurb amhlaidh a bheidh sé agus go n-éirí leis an Aire Stáit sa chás sin ach tá leasuithe ciallmhara dearfacha os ár gcomhair inniu gur féidir linn agus gur cheart dúinn glacadh leo. Tá mé ag tabhairt an tseala anois, ar an gCéim dheireanach a bheidh againn mar Sheanad, do Sheanadóirí a vóta a chaitheamh agus cá háit a seasann siad ag an bpointe seo a léiriú go soiléir. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/seanad/2022-10-26/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:13+00:00 Sitting date: 2022-10-26