National Cultural Institutions (National Concert Hall) (Amendment) Bill 2022: Report and Final Stages Dail Éireann — 2022-11-09 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá an Bille seo tábhachtach agus thar am, agus nílim chun moill a chur air. Is ábhar loighciúil é. Is trua go raibh orainn dul trí choiste agus gach rud eile chun teacht anseo. Ba chóir go mbeadh sé seo críochnaithe tamall de mhíonna ó shin. Is éard atá i gceist leis an mBille ná a chinntiú go mbeidh an National Concert Hall agus gach rud a bhaineann leis an RTÉ National Symphony Orchestra ar bhonn reachtúil agus go mbeidh an t-airgead cuí curtha ar leataobh maidir le hárachas a tugadh ar iasacht do na hinstitiúidí náisiúnta. Tá athrú ag teacht ar an méid árachais a bheidh ar leataobh. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:15+00:00 Sitting date: 2022-11-09