Personal Injuries Resolution Board Bill 2022: Report and Final Stages Dail Éireann — 2022-11-09 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tá an leasú seo tábhachtach agus loighciúil mar tá sé ag déanamh leathnú ar an gcosaint atá ag idirghabhálaithe maidir leis an obair atá á déanamh acu sna cásanna seo. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an indemnity seo atá á ofráil ag clúdach oibre agus go bhfuil an obair sin déanta i gceart. Is é ceann de na fadhbanna is mó ná ceann maidir le hobair na n-idirghabhálaithe a bheith carried out in a professional manner. It is important that any work by mediators is i gceart agus thar ceann an Stáit. Caithfimid smaoineamh faoin bhfáth a bhfuil sé seo ag tarlú chun déanamh cinnte de go bhfuil cosaint dóibh siúd atá gortaithe agus don Stát, go bhfuil gach rud i gceart agus féaráilte agus nach bhfuil botún á dhéanamh as a dtarlaíonn cásanna cúirte, mar atá feicthe againn thar na blianta. Ba cheart go mbeadh rudaí i gceart. Is céim loighciúil atá i gceist anseo le go mbeidh an tAire Stáit ag leanúint an méid atá ag tarlú agus atá sa reachtaíocht reatha agus reachtaíocht roimhe seo. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-09/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:15+00:00 Sitting date: 2022-11-09