Post-European Council: Statements Dail Éireann — 2022-11-16 ============================================================ Thomas Byrne (FF), Meath East I thank Deputies for their statements and questions. Sna ráitis seo chun clabhsúr a chur le cúrsaí, labhróidh mé faoin gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, ASEAN, atá le tarlú an 14 Nollaig agus breathnóidh mé chun cinn freisin ar an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar a bheidh ar siúl i dTiorána na hAlbáine an 6 Nollaig. Tá Éire go mór ar son an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus ASEAN. Is clochmhíle shuntasach í an chomhpháirtíocht 45 bliain idir AE agus ASEAN. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:17+00:00 Sitting date: 2022-11-16