An Ghaeltacht Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ní hé go raibh mé ag súil go mbeadh an tAire Stáit ag tabhairt achoimre ar cad atá foilsithe go dtí seo ag Conradh na Gaeilge ach go raibh mé ag iarraidh déanamh cinnte de go bhfuil sé ar an eolas faoi agus, cosúil le gach duine eile, go mbeidh sé ag moladh do dhaoine cuidiú leis an gconradh nó leo siúd atá ag iarraidh pleananna a chur chun cinn ar mhaithe leis an nGaeilge agus ar mhaithe le hinfheistíocht bhreise a lorg don Ghaeilge. Sa doiciméad atá agam anseo, tarraingíonn an conradh ár n-aird ar cé chomh as riocht atá an coibhneas idir Údarás na Gaeltachta agus an IDA agus Fiontraíocht Éireann agus an coibhneas idir an Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge. Tá beagán fáis tar éis teacht ar an airgead atá á infheistiú ach tá i bhfad Éireann níos mó á fháil ag na heagrais eile ó thaobh céatadán agus pinginí de i gcomparáid le na heagrais Ghaeilge. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17