An Ghaeltacht Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, tá ardú suntasach ar an mbuiséad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht bliain i ndiaidh bliana, rud a fhágann go bhfuil ardú os cionn 40%, beagnach €30 milliún breise, sa bhuiséad don bhliain seo chugainn i gcomparáid leis an mbuiséad trí bliana ó shin. Is é sin an difríocht faoin Rialtas seo. Chomh maith leis sin, thóg muid isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 ag deireadh na bliana seo caite. Tá €1 milliún ar fáil chun tús a chur le forbairtí nua ó thaobh na Gaeilge sa Státseirbhís araon le buiséad níos mó agus foireann bhreise in oifig an Choimisinéara Teanga. Go luath, beidh mé ag seoladh plean digiteach don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teangabhunaithe. Tá infheistíocht shuntasach á pleanáil againn sna blianta beaga romhainn. Táimid tiomanta. Nuair a fheictear ar an allúntas atá ag Údarás na Gaeltachta an bhliain seo chugainn i gcomparáid leis an méid a bhí á fháil aige trí nó ceithre bliana ó shin, feictear go bhfuil difríocht an-mhór ann. Beimid ag scrúdú an phlean seo ó Chonradh na Gaeilge agus táim tiomanta chun an infheistíocht seo a fheabhsú tríd na blianta. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17