An Ghaeltacht Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Mar a dúirt mé, tá sé an-tábhachtach an plean infheistíochta seo a scrúdú. Tá mo Roinn i dteagmháil le Conradh na Gaeilge an t-am ar fad maidir le gach rud. Tá sé tábhachtach go bhfuil an plean seo ag Conradh na Gaeilge. Mar is eol don Teachta, is ar fheidhmiú leanúnach an plean gníomhaíochta don Ghaeilge agus an straitéis 20 bliain don Ghaeilge atá clár oibre mo Roinn dírithe. Go deimhin, sheol mé an tríú tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn an phlean ghníomhaíochta le déanaí ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Tá sé le feiceáil go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh, go háirithe leis an bpróiseas pleanála teanga. Tugadh maoiniú suntasach breise d'Údarás na Gaeltachta le dhá bhliain anuas chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus le dul i ngleic leis na fadhbanna a chruthaigh an phaindéim dá chuid cliantchomhlachtaí. Leis an méadú 10% ar bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain seo chugainn, beidh mo Roinn ag breathnú ar cad ar chóir a dhéanamh leis an gciste ardaithe chun go mbeifear in ann an leas is fearr is féidir a bhaint as sna blianta atá romhainn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17