Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Is maith an chuid deiridh den fhreagra sin a chloisteáil, go bhfuil sceideal leagtha amach ag an Aire Stáit. I gcás roinnt de na forálacha, ní fheicim cén fáth go bhfuil moill ann in aon chor toisc go mbaineann siad le rudaí teicniúla. Ba chóir go mbeadh siad athraithe. Chomh maith leis sin, tá roinnt forálacha san Acht a shíl muid a thiocfadh i bhfeidhm chomh luath agus is féidir nach bhfuil i bhfeidhm. Tá ceann amháin ó thaobh dualgais na gcomhlachtaí maidir le stáiseanóireacht, lógónna agus úsáid na teanga. Tá sé sin á úsáid mar leithscéal nach bhfuil comhlachtaí nua Stáit á bhunú go huathoibríoch le teideal Gaeilge. Nuair a bhí Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé againn, leag muid amach sceideal nó amchlár dúshlánach. Níl na dátaí sin sroichte nó an tAcht feidhmithe go hiomlán, áfach, agus táimid fós ag fanacht dá bharr. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17