Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá i gceist agam tús feidhme a chur le roinnt de na forálacha luath sa bhliain nua agus an fuílleach a thosú amach sa bhliain tar éis dul trí próisis chomhairliúcháin atá leagtha síos san Acht agus treoirlínte cuí a bheith dréachtaithe. Maidir leis an gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, tháinig an coiste le chéile trí huaire go dtí seo - ar an Aoine, 25 Iúil 2022, ar an Aoine, an 26 Lúnasa, agus ar an Aoine, an 28 Deireadh Fómhair. Déantar miontuairiscí a thógáil ag cruinnithe an choiste agus tá fáil orthu ar shuíomh gréasáin mo Roinne faoin leathanach tiomnaithe don choiste comhairleach agus a chuid oibre. Tá beartaithe go dtiocfaidh an coiste le chéile arís ar an Aoine, an 25 Samhain, agus i lár mhí na Nollag chomh maith. Mar a dúirt mé, tá sceideal leagtha amach ag oifigigh mo Roinne agus táimid ag obair chun na forálacha a chur i gcríoch. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17