Acht na dTeangacha Oifigiúla Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central An bhfuil an tAire Stáit sásta an sceideal sin a roinnt linn nó an é nóta inmheánach sa Roinn atá i gceist? Bheadh sé áisiúil go mbeadh a fhios againn cathain a chuirfear na forálacha éagsúla i bhfeidhm. Chabhródh sé linn brú a chur ar an Aire Stáit agus ar an gcóras i gcoitinne chun a chinntiú go mbeidh an tAcht seo i bhfeidhm ina iomláine agus gur féidir linn bogadh ar aghaidh chuig reachtaíocht dhifriúil atá de dhíth chun cur leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht. Cén fáth go bhfuil moill ar roinnt de na gnéithe seo? Is rud é sin nach bhfuil soiléir. I gcás roinnt acu, níl a fhios agam. Luaigh an tAire Stáit an coiste comhairleach ach níl sé freagrach as an gcuid is mó díobh. Cén fáth nach bhfuilimid tar éis feidhmiú a dhéanamh ar an bhforáil a fuair réidh leis na scéimeanna teanga, mar shampla? --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17