Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Jack Chambers (FF), Dublin West Tá iarrachtaí leanúnacha déanta ag Foras na Gaeilge teacht ar sholáthróirí leis an obair seo a dhéanamh, agus cé go raibh suas le €200,000 féideartha ar fáil anuraidh leis an obair a chur i gcrích, níor léiríodh aon spéis ann. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois ag an bhforas an obair a bhriseadh síos ar bhealach difriúil agus í a chur i gcrích céim ar chéim. Is iarratas ar thairiscintí iomaíocha chuige sin atá fógartha ar eTenders faoi láthair. Tá uasmhéid de €50,000 luaite leis an gconradh seo, ach ní féidir a rá go cinnte go dtí go mbeidh sé socruithe in áit cé mhéad a chaithfear ina leith. É sin ráite, déanfar measúnú ar na hiarratais a fhaightear chun a chinntiú go bhfaighidh an foras luach ar airgead ar an gcaiteachas atá beartaithe. Is cur chuige céimnitheach atá le glacadh leis na codanna éagsúla seo a chur i gcrích agus is chuige sin atá iarratas ar thairiscintí ar an gcéad chuid seo fógartha ar eTenders anois. Níl aon cheist ann ach go bhfuil dúshlán áirithe ag baint le tairiscintí a mhealladh le tabhairt faoi shaincomhairleoireacht in earnáil na Gaeilge. Is ar an ábhar sin atá an togra áirithe seo briste síos ag Foras na Gaeilge ina chéimeanna níos soláimhseáilte. Bhí an taithí chéanna ag mo Roinn le tamall anuas agus tá sé beartaithe ag m'oifigigh an cheist a ardú leis an Oifig um Sholáthar Rialtais féachaint an féidir réiteach na faidhbe a aimsiú. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17