Foras na Gaeilge Dail Éireann — 2022-11-17 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Léiríonn an freagra sin an fhadhb atá ann agus níl a fhios agam conas teacht timpeall uirthi. Muna féidir teacht orthu siúd atá cáilithe chun breithniú a dhéanamh, is fiú an t-airgead sin - ní suim bheag é €50,000 - a chaitheamh ar na ceanneagraíochtaí atá iniúchadh nó athbhreithniú á lorg acu. Tuigim go bhfuil gá le Foras na Gaeilge agus an státchóras athbhreithniú a dhéanamh i gcónaí ar chaiteachas poiblí atá á dtabhairt d’eagrais. Muna féidir teacht ar na scileanna sin lasmuigh, caithfidh go bhfuil siad laistigh den Roinn Airgeadais nó áit éigin eile ionas gur féidir an státchóras féachaint ar conas is féidir é seo a dhéanamh. Ní díreach ó thaobh na Gaeilge de a bhíonn moill ar athbhreithniú agus cuireann sé sin rudaí as riocht go minic. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-17/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:18+00:00 Sitting date: 2022-11-17