Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Report and Final Stages Dail Éireann — 2022-11-30 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Ba mhaith liom teacht ar ais. Tá roinnt rudaí le plé agam agus tuigim cad atá á rá ag an Aire. Ní raibh mé ag súil go mbeadh athrú poirt aici inniu ón méid a bhí ráite roimhe seo ar Chéim an Choiste. Tuigim go bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh coimisiún na meán chomh neamhspleách agus is féidir. Fós féin, táimid ag leagan síos na dualgais atá ag an gcoimisiún sin agus is é sin an méid a dhéantar i reachtaíocht. Ba chóir go mbeadh an ról iomlán atá ag an gcoimisiún seo i bhfad Éireann níos soiléire maidir leis an nGaeilge agus cur chun cinn na Gaeilge, í a chosaint, agus mar sin de. Is é sin an iarracht a bhí á déanamh againn sna leasuithe seo. B'fhéidir nach bhfuil siad chomh soiléir is a shíl mé a bhí siad ach ní raibh aon rud ann ag teacht salach ar an neamhspleáchas sin. Ní raibh ach tuairiscí i gceist agus aitheantas a thabhairt don ról agus don stádas atá ag an nGaeilge thar an ról agus an stádas atá ag an mBéarla, toisc gurb í an Ghaeilge an teanga náisiúnta. Tugadh ról bunreachtúil don Ghaeilge agus ba chóir go mbeadh an chosaint agus an cur chuige sin ann di ón tús. Féadfaimid dul tríd na leasuithe ar fad ach níl mé chun moill a chur ar Theachtaí eile dá bharr sin agus déanfaidh mé iarracht teacht ar ais ar an ábhar seo ar Chéimeanna eile. Mar a dúirt an tAire, tá na coistí againn agus beidh tuairisc nó taighde cuimsitheach ag teacht amach anseo. Déanfaidh mé iarracht a dhéanamh cinnte de sin nuair a bheidh an coimisiún ag teacht os comhair an choiste, agus nuair a bheidh an tuairisc acu amach anseo. B'fhéidir gur cúpla bliain a bheidh i gceist sula mbeidh an coimisiún os comhair choiste Dála agus go mbeidh roinnt de na ceisteanna seo le freagairt aige maidir leis an méid atá déanta ag an gcoimisiún maidir leis na gnéithe seo. Críochnóidh mé leis seo ach maidir le leasú Uimh. 36, dúirt an tAire ar Chéim an Choiste go mbeidh tuarascáil ón Broadcasting Authority of Ireland, BAI, faoin stáisiún Gaeilge, an cainéal raidió do dhaoine óga, roimh dheireadh na bliana. Dúirt sí le déanaí ansin ó shin go mbeadh sé sin curtha i gcrích i mí Eanáir. Níl a fhios agam cén uair atá sé i gceist aici é sin a dhéanamh. Aithním an obair mhaith atá déanta maidir le TG4 féin agus an dul chun cinn ansin ach cuirim ceist anseo maidir leis an stáisiún Gaeilge do dhaoine óga. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:21+00:00 Sitting date: 2022-11-30