Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Report and Final Stages Dail Éireann — 2022-11-30 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central I move amendment No. 15: In page 22, between lines 36 and 37, to insert the following: “(1A) The chairperson and at least one other member of the Commission will be competent in the use of the Irish language.”. Níl mé chun moill a chur ar chúrsaí arís. Pléadh na leasuithe seo cheana féin. Ba chóir go mbeadh Gaeilge ag na daoine atá freagracht acu sna meáin agus ba chóir go mbeadh dualgas ar leith ann ó thaobh líon na gcoimisinéirí a bheadh Gaeilge acu. Ó thaobh líon na foirne de, tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 tar éis a mhaíomh go mbeadh Gaeilge ag 20%, ar a laghad, díobh siúd a bheadh earcaithe roimh 2030. Tá mise ag lorg go mbeadh Gaeilge ag 20% den fhoireann agus sin an fhoireann atá ann faoi láthair san áireamh. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh Gaeilge ag 50% de bhord RTÉ. Tá sé sin simplí, soiléir agus sothuigthe, ach go háirithe toisc go bhfuil an dá theanga oifigiúil ann agus toisc go bhfuil teanga náisiúnta againn sa Bhunreacht. Tugann seo meas agus aird ar an nGaeilge i dtús báire. Dá nglacfaí leis seo b'fhéidir go bhféadfaí neamhaird a thabhairt ar na leasuithe eile a bheidh mé ag cur chun cinn mar b'fhéidir nach mbeadh gá leo mar go dtiocfadh sé go huathoibríoch ó Ghaeilgeoirí go mbeadh gá meas, tacaíocht agus cosaint á dtabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Seo rud nach dtarlaíonn go minic ar bhoird Stáit nuair nach mbíonn Gaeilge ag an bhfoireann ar fad nó ag duine ar bith acu. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:21+00:00 Sitting date: 2022-11-30