Online Safety and Media Regulation Bill 2022: Report and Final Stages Dail Éireann — 2022-11-30 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Rinne mé dearmad comhghairdeas a dhéanamh le Siún Ní Raghallaigh as an ardú céime nó an post nua. Níl a fhios agam an ardú céime é ach tá súil agam go mbeidh ról mór millteach aici sna meáin. Tá a fhios agam go bhfuil sí tiomanta an Ghaeilge a chur chun cinn agus go bhfuil sin tábhachtach. Ní shin an cás a bhí ann thar na blianta ar bhoird Stáit dhifriúla timpeall na tíre. Sin an fáth leis an leasú seo. Ní ag caitheamh anuas ar aon duine atá i bpost faoi láthair nó roimhe seo atá i gceist leis seo. Níltear ach ag déanamh cinnte de, nuair a thagann athruithe amach anseo, go mbeadh muid cinnte go mbeadh an cathaoirleach líofa sa Ghaeilge nó inniúil ar aon chaoi; go mbeadh an coimisiún timpeall orthu; agus go mbeadh an Ghaeilge le tuiscint acu siúd a bhíonn ag obair ann. Gan an tuiscint sin bíonn sé i bhfad Éireann níos deacra a dhéanamh cinnte de go bhfuil an Ghaeilge i lár an phoirt nuair a bhíonn céimeanna á nglacadh ag an gcoimisiún, nuair a bhíonn tuairimí á roinnt nó nuair a bhíonn moltaí á ndéanamh. Sin an fáth go bhfuilimid ag déanamh iarracht sa chás seo a dhéanamh cinnte de go mbíonn an Ghaeilge agus an Ghaeltacht i lár an aonaigh maidir leis na meáin. Ba chóir go mbeadh seo mar cheann de na gnéithe a mholtar maidir leo siúd a roghnófar amach anseo. Chuala mé go bhfágtar an Ghaeilge go dtí an próiseas roghnúcháin. Ní leor sin. Ba chóir go mbeadh sé leagtha síos i bhfad Éireann níos luaithe agus ba chóir go mbeadh an Ghaeilge chun cinn. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2022-11-30/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:21+00:00 Sitting date: 2022-11-30