Report of Committee of Selection: Motion Dail Éireann — 2020-09-08 ============================================================ Aengus Ó Snodaigh (SF), Dublin South-Central Tuigim é sin ach is ait gurb é an coiste sin an t-aon choiste reachtaíochta amháin nach bhfuil ar an liosta sin. Is céim síos don Ghaeilge é nach bhfuil sé ann. Bhí dhá mhí ag an gcóras teacht suas le téarmaí tagartha don choiste. Nílim ag cur i gcoinne an rúin toisc nach bhfuil mé i gcoinne na gcoistí a bheith bunaithe; is ait an rud é nach bhfuil an coiste sin san áireamh. Is ceist é a d'ardaigh iriseoirí agus iad atá ag plé leis an nGaeilge liom. An bhfuil sé á chur ar leataobh? Táim ag iarraidh commitment ón Rialtas nach mbeidh moill ar eagrú na dtéarmaí tagartha sin. --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2020-09-08/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:48:32+00:00 Sitting date: 2020-09-08