Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions Dail Éireann — 2023-02-16 ============================================================ Micheál Martin (FF), Cork South-Central Ar dtús báire, ní aontaím leis an Teachta ó thaobh an mhéid tacaíochta atá tugtha ag an Rialtas do mhuintir na tíre seo, go háirithe don dream atá ar ioncam íseal. Níl aon amhras ach go bhfuil suas le €8 billiún curtha ar fáil ag an Rialtas ó thús 2022 chun cabhair agus tacaíocht a thabhairt do chosmhuintir na tíre seo i gcomhthéacs an ghéarchéim costas maireachtála. Níl aon amhras ach go bhfuil agus, go háirithe i rith an gheimhridh, go raibh géarchéim uafásach ann. Rinne an Rialtas cinneadh dearfach cabhair agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine chun an brú a ísliú chomh fada agus is féidir linn. I can recall the last time we introduced measures as part of the cost-of-living and budgetary package last autumn. I think the Deputy would be humble enough to admit that the measures we announced exceeded the Deputy's own presentations at that time----- --- Source: Houses of the Oireachtas. Licensed under CC BY 4.0 (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). The Official Report is revised after first publication; the fetch timestamp below identifies the version quoted. Record URI: https://data.oireachtas.ie/akn/ie/debateRecord/dail/2023-02-16/debate/main Retrieved: 2026-08-14T04:51:35+00:00 Sitting date: 2023-02-16